School: Gort Buidhe (roll number 14509)

Location:
Gortboy, Co. Kerry
Teacher:
Gilbert Mac Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 069

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 069

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Buidhe
  2. XML Page 069
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Níl fear eile i bparóiste na Tuatha cosamhail le Tadhg Bheait Uí Chonchubhair. Tá sé beagnach ceithre fichid bliadhan daois anois agus siubhlann sé suas an séipéal gach Domhnach comh - coséadtrom agus comh - díreach is bhéadh sé acht fiche bliadhan. Tá sé níos mó ná sé troighthe ar aoirde agus tá a ghuailne comh leathan agus cómh-láidir le piolóir geata. Ní bhíonn líne ar a aghaidh. Bíonn sé cómh ghlan agus cómh bearrtha gach Domhnach agus dá mbéadh sé ag dul a phósadh. Níor dhein Tadhg aon ghaisce ríamh acht deirtear gur dhein a úncail ana-sgrios fad ó ar aonach an phatrúin i gCillgobanatan.
    Baile beag briste is ead Cillgobantan. Bhíodh aonach mór ann sa t-sean aimsear agus bhíodh a lán daoine ann ag díol agus ag ceannach. Bhíodh capaill, ba, caoirigh is muca ann. Bhíodh poitín agus drúichtín sléibhe go flúirseach ann. Bhíodh árd-spórt ann, daoine ag rinnce is ag amhráin, daoine ag ól agus ag imirt cártaí, Bhídís ag imirt baitín buidhe ann leis. Ins an trathnóna nuair a bhíodh obair an lae déanta aca agus a ndóthain ólta, bhídís ag troid le na céile, agus ba mhinic a bhíodh cinn briste aca ag dul abhaile tar éis an lae.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmaid Ó Donnchadha
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Beaufort, Co. Kerry