School: Doirín Darach (roll number 7813/4)
- Location:
- Derreendarragh, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Mathghamhna. Bhí árdán tógtha in-a chomhair agus bhí sagart óg ann leis. Nuair a chuala an sagart óg Donnchadh ag innsint éitheach do na daoine rug sé ar a phortús agus thug sé iarracht ar dul i n-áirde ar an árdán i n-a raibh An Mathghamhnach ach chuir an sagart paróiste cosc leis. Dá leigfí dó do dhéanfadh sé gabhar as an bProtustúnach.
Bhí na Catoilicigh agus na Soupers ag éisteacht agus bhí na Catoilicigh níos comhachtaighe. Sa deire bhí gleó an domhain acu agus d'ionnsuigheadar An Mathghamhnach acht do thug an tAthair Seán comhairle dóibh gan é do bhualadh. Do thugadar súncaí dó agus bhí eagla an domhain air i dtreó gur rith sé uathu suas tré Seana Cnoc agus stad níor dhéin sé go dtáinigh sé isteach i dtig Dóráin uatha. Tháinig an sluagh siar an bóthar agus An tAthair Seán leó agus nuair chuala an tAthair(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Cathbhuaidh
- Gender
- Male
- Address
- Derreendarragh, Co. Kerry