School: Siolbhrain (Shelbourne) (roll number 5235 or 5484)
- Location:
- Gortrooskagh, Co. Kerry
- Teacher: Síghle, Bean Uí Thuama
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nách mór suas leo, dubhairt an cailín le mac an duine uasail:-
"Féach isteach i gcluais dheis den each, faigh an braon uisce atá istig innti, agus caith in ár ndiaidh é. "
Do dhein sé amhlaidh, agus do dheinead loch de. Dubhairt an sean-choilleach dá mac an scimin a thabhairt di, do chuir sí an scimin sa locha agus do thóg sí an méid uisce abhí ann in aon scuab amháin. D'imthigheadar leo airís, agus nuair a bhíodar nách mór suas leo, dubhairt an cailín.
"Feach isteach igcluais chlé an faigh an cipín dairighe," atá innte, agus caith in ár ndiaidh é."
Do dhein sé amhlaidh!Tháinig coill mór in a ndiaidh. Tar éis tamaill, nuair a thug an coilleach an coill fé ndeara, bhí fearg uirthi, agus dubhairt sí leis an mac:-
"Rith abhaile, agus tabhair annseo dom an tuaith."
Ba gearr an mhoill é sin do dhéanamh.
"Ar imthighís fós?" ar sise.
"D'imthigheas agus do thángas" ar seisean.
Do rug sí ar an dtuaith agus do ghearr sí an coill go léir le h-aon buille amháin! Tá siad imtighthe anois, scaoileadh leo!Níor stad an each go dtí go dtáinig sé go dí an fairrge. Nuair chuir sé a cheithre cosa san uisce, do thosnuigh sé ag screadadh. Do lean sé tríd an fhairrge- Informant
- Seán Ó Ceallacháin
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ashgrove, Co. Kerry