Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)
- Suíomh:
- Cromane, Co. Kerry
- Múinteoir: Stiophán Ó Cobhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (B.)
- XML Leathanach 139
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear 'na chómhnaidhe inaice le Cill-Orglan fadó.
Do bhí tarbh mór crosta aige.
Do coimeadhfhadh sé istig i bpáirc i gcómhnaidhe agus do bhí ceithre fallaí timcheall na páirce i dtreo's na tagadh sé amach, agus geata ins an bfalla.
Dá ragadh aoinne isteach cuige do mharbócadh sé é.
Do bhí an fear ag cainnt le fear eile lá agus dubhairt sé leis, go dtabarfhadh sé gamhan do.
Dubhairt sé leis an bheirt fhear is láidre sa pharóiste dfaghail, agus iad do thabairt leis, mar do bhí an ghamhan ana-láidir.
Do tháinig an beirt agus bhí slat mór ag duine aca.
Do cuadar go dtí an tig agus dubhairt an fear go raibh sé istig ins an bpairc.
Chuadar go dtí an páirc agus d'osgail siad an geata.
Do chuaidh duine aca isteach agus do bheir sé ar an tarbh leis an t-eirbeall agus do thosnuigh sé a bhualadh é go dtí go raibh tuirse air.
Annsan do chuaidh an duine eile isteach, agus do dhein sé an rud céadhna, agus níor stad sé de a bualadh go dtí gur chuaidh sé amach an geata go ciúin.
Do bhí a lán daoine timcheall an falla ag feachaint ar na fir ag dul isteach.
Do bhí an fear gur leis an tarbh ann leis, agus do bhí iognadh air nuair connach sé an tarbh ag dul amach an geata.
Mar do sé, ná fheadfadh siad dul isteach in aon cor.Seán Ó Séaghdha, 7adh lá Mí na Nodlag, 1938. VII Rang.
ó m'athair Pádruig Ó Séaghdha,
Dúca, 51 bl.
Do- Bailitheoir
- Seán Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 51
- Seoladh
- Dooaghs, Co. Kerry