Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)

Suíomh:
Cromane, Co. Kerry
Múinteoir:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 131

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 131

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (B.)
  2. XML Leathanach 131
  3. XML “An Tiarna Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    uair sa bhlian go Cill-Orglan chun chíos do bhailiú.
    Do bhí tighearna roimh Lord Ventry agus lá amháin tháinig bean chuige ag rád go raibh a mach crosta.
    Dubhairt sé léi an mhac do thabairt dó agus do thug sí.
    Annsan dubhairt an tighearna leis an bean, dul abhaile agus teacht chun a mhac do thabairt abhaile cúpla lá na dhiaidh sin.
    Do chuaidh sí abhaile. Nuair a chuaidh sí abhaile, do chroch an tighearna an buachaill agus ní fuair an bhean a mac arís.
    Níor tháinig rath i slighe an tighearna na dhiaidh sin.
    Do bhí trí rent warners ag Lord Ventry. Seamus Ó Fógoladha, Eamonn Ó Néill agus Sean Ó Cabhlaodh.
    Timcheall seachtmhain roimh ré, thagadh iad san mór timcheall go dtí na tigthe, chun am a thabairt do an chíos do bhailiú dó.
    Ní raibh an talamh ceannuighthe fadó.
    Muna mbeadh an cíos agat chuirfeadh na bailí as do sheilbh agus chuirfeadh said an glas ar an doras.
    Annsan thógadh said na ba go dtí an póna a bhí I gCill-Orglan, agus bhíodh siad ann ar feadh cúpla lá. Annsan nuair na beadh an chíos agat, cuirfheadh said ar an sráid iad chun iad do dhíol, agus coimeadfhadh siad an t-airgead annsan.
    Do cheanning an Land Commission é ón tighearna.
    Do fuair sé bas 60 bhlian ó shoin.
    Do bhailigeadh deachmaidhthe san ait seo.
    An Parson a bhailih iad san.
    Thug na feirmeoirí an deiciú chuid da barraí dó.
    Pádruig F. Mac Carthaigh. Croman. Cill-Orglan. Rang a VII.
    24 adh lá Mí na Samhna 1938.
    Fuaireas e seo ó
    Pádruig Ó Rathaille. Glaise 70 bl.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig F. Mac Carthaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cromane Upper, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Rathaille
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Cromane Upper, Co. Kerry