Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 14767)
- Suíomh:
- Aughacasla North, Co. Kerry
- Múinteoir: S. Ó Téacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 039
- XML “Giotaí d'Amhráin a Dhein Guistí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ó Dhomhnall Ó Curnán, An Macaire Beag,, a fuaireas na giotaí thíos, sa blian 1921AD. Guistí a dhéin iad, d'réir Domhnall. Bhí gaol comhargach idir Domhnall féin agus Guistí. Fuair Domhnall bás timcheall le 10 mbl. ó shoin, agus é níos mó ná 70 mbl d'aois (S Ó Teacháin, oide)Tráthnóna aoibhinn aereach, cois taobh na mara 'st 'oidhche
Go síogach(?) súgadh aereach, 's gan aoinne 'n'aice ach faoilinn,
'Seadh dhearchas chugam, cois taobh an chuain, ag teacht go snodh-geall soillseach,
An ainnir bhéasach aibidh uasal, do gheal an uain im'thimcheall.An caol-bhrat fairsing síoda, do sgrí an spéir-bhean uasal,
Bhí an uain go h-aibidh aoibhinn, is tuir faoi bhláth is géaga,
Bhí ceo bán sidhe ar mór-chnoc Duibhche,(Ní rabh a thuille ag Domhnall)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- S. Ó Téacháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Domhnaill Ó Curnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Magherabeg, Co. Kerry