School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 747

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 747

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 747
  3. XML “Áitainmneacha na bPáirceanna atá ar Eolas agam sa Cheapaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar a bharra. (Cá'il sé?)

    NA SRUTHÁIN
    1) Abha na Féine:- sé an reasún gur glaodadh "abha na Féine" ar an abhainn sin mar bíódh na Fíanna ag fiadhach ann fadó ar a bhruachaibh

    NA TOIBREACHA
    1) Tobar a' Leasa:- sé an reasún gur glaodadh "Tobar a' Leasa" ar an tobar sin mar tá lios in-aice leis agus deirtear go bhfuil breach ann leis. Tá an tobar sin i mBaile Uí Dhuibhne
    2) Tobar Bréanain:- sé an reasún gur glaodadh "Tobar Bréanain" ar an tobar sin - mar tá sé ar bharra Chnoic Bréanáín
    3) Tobar Flainn:- sé an reasún gur glaodadh "Tobar Flainn" ar an tobar sin mar bíodh naomh san áit sin fadó gur b'ainim do Naomh Flann. Tá an tobar sin i dTaobh a'Chnuic
    4) Tobar a' Tóchair:- sé an reasún gur gladadh "Tobar a' Tóhair" ar an tobar sin mar tá sé ar taobh bóthairín go nglaodtar an Tóchair air. Tá an tobar sin i dTír Úachtrach

    NA LOGÁIN
    Log an tSalainn:- sé an reasún gur glaodadh "Log an tSalainn" ar an log sin mar bídí ag deanamh morán salainn ann fadó. Sa Cheapaig atá
    Log na gCat:- sé an reasún gur glaodadh "Log na gCat" ar an log sin mar ins an log sin a téígeadh na cait a chodlad is toidhche. (Cá bhfuil sé?)
    Log an Bhuidéil:- sé an reasún gur glaodadh "Log an Buideal" ar an log sin mar geibheann na daoine i lán buideal ann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    An Cheapaigh, Co. Kerry
    Collector
    Bríghíd Ní Loingsig
    Gender
    Female