School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 449
- XML “Tobar a' Leasa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)prátaí do bheirbhiú leis.Do chroch sí a corcan prátaí annsan ar an dteine, agus dá mbeadh sí ann ó shoin ní théighfheadh an t-uisce ar chú' ná ar chleas.Thóg sí an clúdach den chorcán agus d'fhéuch sí isteach ann agus is amhlaidh a bhí eiscín bheag mar scadán gainimhe ar barra na bprátaí a snámh anonn 's' anall.Do rug sí air, 's do chuir isteach i sciléad é, 's thug sí thar nais go dtí an tobar é, 's scaoil sí chun siubhal arís é.Chómh luath is bhí sé istig san uisce, chuaidh an tobar i ndísc san áit sin, agus níl le feiscint anois ach uische salach istig i bpoll mór doimhin mar a mbíodh an tobar d'fhíor uisce bheannuighthe roimis sin.Deirtear gur bris an tuisce amach arís tímpeall cead slat ó 'n gcead áit, ach triomuigheann na toibreacha san go minic, agus níl aon iontaoibh asta mar toibreacha beannuighe anois.(Mícheál O Finn 60 bl. ó na athair - R.I.P.)
- Collector
- S. Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Mícheál Ó Finn
- Gender
- Male
- Age
- 60