School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 441
- XML “Seán na bPúcaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill aimsire na chómhaidhe ar an nTrom fadó, agus bhí sé amuigh air go mbíodh sé a' dul anonacht leis na púcaí ist oidhche.
Bhí sé in aimsir ag feirmeóir annsan aon uair amháin, agus ar feadh seachtaine amháin ní raibh aon ghnó eile le déanamh aige ach ag tarrach feamnaighe ó'n dtráig; agus i ndeire na seachtaine sin, bhí clais mhór do leaghtha ar taobh an bóthair aige ag bun na feirme.
Tráthnóna de Satharn taréis scur do, agus taréis an t-suipéir go bheith caithte 'ge, d'órduig an feirmeóir dogach aon ruainne de'n fheamnaig sin do bheith istig ar an ngarraidhe aige roim an Domhnach lá ar na mhaireach, le na chliabh.
Dúbhairt sé leis an bhfeirmeóir go raibh sé ana dhéanach tosnú an am san d'oidhche, agus go raibh obair trí lá ann, i go léir(continues on next page)- Informant
- Tomás Ó Muircheartaig
- Gender
- Male
- Age
- 45