School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)/147
b'fhéidir a fheiscint go bráth arís, Samhailt chómh grándha léithi. Do luig an pictiúir a chonnaic sé nuair a d'fhéuch sé siar, chómh mór san ar a chroidhe, gur tharla, agus é taréis an chapaill do chur sa rás, a méid a bhí 'na croidhe, nuair a tháinig sé go dtí an Sháipéal go ndubhairt sé leis na daoine go léir a bhí bailighthe roimis, dul abhaile arís, ná féadfadh sé aon aifreann do radh an lá san.
D’imig na daoine go léir abhaile. D’fhán an Sagart Óg ar feadh tamaill i gcómhangar an tSáipéil, agus é go buadhartha; agus taréis mórán machtnaimh do ghluais sé leis abhaile. Nuair a shroich sé an “loch beag”, ní raibh an Sagart Paróiste istig roimis. Do shuig sé le h-ais na teine go dtí gur tháinig sé isteach, agus nuair a tháinig. D’aithin sé láithreach, go raibh rud éicint bun’ ó’s cionn leis, agus d’fhiafruig sé dhe cad a bhí ag déanamh buartha dho.
Dubhairt an Sagart Óg leis go bhfeaca sé “Sprid”, agus do mhínig sé dho gach nídh dá dtarla dho.
“Á!” arsa an Sagart Paróiste, “b’sin é an diabhal; a bhí a d’iarraidh tusa do bhreith leis, mar taoin tú damanta.” Taréis an(continues on next page)- Collector
- Padruig O Seaghdha
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Informant
- Eamon Ó Neill
- Gender
- Male
- Age
- 60