School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Page 137
- XML “An Fear a Fuair an Dá Chomhairle”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)137/ “Ní raghad”, ar seisean “b’fearr liom an bóthar mór do thógaint”.
Do scaradar le na chéile annsan, agus seo leotha an Stróinséir ag gabháilt an chosáin agus an fear eile a’tógaint an timpeall.
Nuair a tháinig sé mór dtimpeall go dtí áit ’na raibh an cosán a dul amach ar an mbóthar mór arís, cad a gheobhadh sé caithte fuar marbh annsan ná fear an chosáin. Do chuimhnig sé gur mhaith an chómhairle a thug a athair do.
Seo leis chun bóthair arís agus bhí sé a’ siubhal ’sa siubhal go dtí go tháinig sé go tig a bhí ar thaobh an bóthair, agus chuaidh sé isteach ann a’ lorg óstaíocht na h-oidhche.
Ní raibh sé i bhfad istig nuair tháinig bean óg bláthmhar isteach agus d’iarr sé uirthi go béasach ar b’í bean a’ tíghe í. Dubhairt sí leis gur b’í. Do loirg sé cead a bheith istig aige ó annródh na h-oidhche uirthi, ach má loirg thug sí an t-eiteachas do go grod.
Ba ghearr go bhfeaca sé fear thar meadhón-aois, ag cur capaill fé chairt agus ag cur drolach ime isteach innti. Agus chuimhnig sé láithreach ar chómhairle (a)(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Gráinne
- Gender
- Male
- Age
- 79
- Address
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry