School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinig an figheadóir abhaile agus dubhairt sé le h-Ubhall go raibh an áthas anois ortha, go raibh an draoidheacht imithe ó’n áit, agus ar seisean: “Tá an bainríoghan ó Oilean an Uaignis agus mac an Ríogh a’ pósadh amáireach”.
“Tá go maith”, adubhairt Ubhall, “Táimse ag imeacht go dtí an pósadh, agus slán libh anois”. D’imig sé maidin amáireach go Pálás an Ríogh.
Chuir sé culaith sagairt ar féin agus bhí sé ar an mbainis, agus iad ag tabhairt ómóis den sagart. Dubhairt sé leotha go dtéigheadh an t-athair ’s an mháthair chun faoistine roimh an bpósadh insan áit á d’fág sé féin le déanaighe. Seo leis an t-athair ‘s an mháthair chun faoistine. Agus nuair bhí an fhaoistin i leath taoibh, dubhairt an sagart go raibh duin’ éicint damanta sa tig agus ná féadfadh an duine sin a chuid faoistine i gceart. Chuaidh an Máthair go faoistin arís agus d’fhiafruig sé dhi, an raibh a lán cloinne aici; dubhairt sí go raibh triúr mac aici. “An leis an Ríogh na triúr macsan?” ar seisean. “Ní h-eadh”, adubhairt sí. “Leis an gCoisteoir an mac críona, leis an buitléara(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Dheada
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- P. O' Mórdha
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry