School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do chuaidh an fìgheadóir go dtí an Chúirt agus a chapall aige.
Bhí gach éinne ann agus capall ag gach éinne aca, ach níor rug aon chapall aca ar an bPiast ach an capall a bhí ag an bhfigheadóir. Nuair a bhí an Phiast marbh, agus an capall tagaithe thar nais ó’n loch, do bhain an Riogh den bhfigheadóir an capall agus thug sé lán a hata d’ór do, á éagmhais.
Tháinig sé abhaile ‘s é ag gol le h-eagla roim[h] Ubhall, ach níor dhearmhad sé a hata óir.
Bhí sé a lógóireacht a déanamh ar an dtig, ach is amhlaidh a bhí Ubhall ag gáirídhe fé. D’fiafraig sé dhe cá raibh an capall, ach dúbhairt sé gur bhain an Ríogh dho é, agus gur thug sé hata óir do á éagmhais. “Agus amaireach”, ar seisean, “caithfidh mé Colúr na Coille d’fhagháil, nó go marbhóchaidh sé Seabhac na Faille Fuaire”.
“Tásan agam”, arsa Ubhall, agus bhuail sé an chloch leis an slaitín ‘s d’éirig an Colúr. Thug sé den bhfigheadóir an Colúr agus dúbhairt sé leis gan é leigint uaidh ar a bhás. Gheall an fígheadóir ná leigfeadh. D’imig sé an tarna lá, agus mharbh an Colúr an Seabhac. Do bhain an Ríog an Colúr den bhfigheadóir ‘s thug hata óir do arís.
D’orduig an Ríog an tríomhadh lá gadhar do bheith ag gach éinne a mharbhóchodh Mad’r Alla na Coille Glaise.
Fuair sé an Gadhar á Ubhall mar an gcuid eile ‘s mairbh an Gadhar an Mad’r Allaidh. Do dhein an Riog an cleas ceadna leis arís.(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Dheada
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- P. O' Mórdha
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry