School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Page 094
- XML “Scéal na Dreancaide agus an Feirmeoir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)94/
Seana-bhean annsan agus í a díol cruithneachtan, agus é ag imeacht saor aici. Do theastuig roinnt de’n chruithneachtain ó’m mháigistir, ach cá gcuirfinn í, b’shin í an ceist, mar ní raibh aon mhála agam.
Láithreach bonn chuimhnigheas ar chroicean na dreancaide, agus thairrigeas chúgham é, agus dúbhairt leis an seana-mhnaoí lán mála do chur isteach ann. Do dhein sí amhlaidh, agus chuireas ar mo dhrom é agus seo liom a triall ar mo mháighistir.
Do chuireadar a’beirbhiú í, agus nuair bhí sí beirbhighthe agus a ndóithin ithte ag gach éinne sa tig di, do tugadh an fuighleach den chráin muice a bhí sa tig.
Taréis tamaill do thosnuig an chráin ag at, agus d’órduig an feirmeóir dom féin í thíomáint amach agus síos suas ar an mbán amuigh. Do dheineas amhlaidh agus taréis tamaill, an diabhal di a dhuine chóir, ná gur chaith banbh muice uaithe, agus dar an leabhar a dhuin’ uasail ní raibh aon oighre ort-sa ach é.
“Tá an diabhal de dearg-éitheach agat[,] a bhligeáird”, arsa fear a Mhullaig. Má gheibhim focal eile uait amach as do bholg, brisfidh mé do chorrán”.(continues on next page)- Informant
- Eogan Ó Néil
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- An Tír Íochtarach, Co. Kerry
- Informant
- Seán Jack Ó Bric
- Gender
- Male
- Age
- 84
- Address
- An Tír Íochtarach, Co. Kerry