School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 066

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 066

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 066
  3. XML “Seanscéal - Ubhall Rí Gréag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Beidh siadsan agam agus do cheann-sa leis", arsa Ubhall. Tóg sé a chlaidheamh ó's a chionn anáirde agus thairrig ar an bhFathach Mór, agus do sta[?] sé an ceann de de'n iarrachtsan. Chuaidh sé annsan a' triall ar an mBanríoghain óig, agus thug sí sin do bléitheas gach díghe 's deocha cúmhrá, [mil Gréag (?)], agus beóir lochlannach de chupáin troime [nár teo?]. Do mhúch sí le pógadh é, 's do bháthaidh sí le deora é, 's do thriomuig sí le [na gruaige geal fíor-uaisle é?]
    Dhein sí trí treanna dhe'n oidhche - trian ar imirt 's ar ól, trian an cheol agus ar aoibhneas; agus trian ar shuan agus ar síor-choladh go lá. Nuair a bhí sé in am dul a choladh aca, dúbhairt sí le hUbhall dul a choladh anois, ach dúbhairt sé sin ná rachadh sé chun codalta in ao' chor go lá. "Tá tóir ó's ár gcionn anocht", ar seise. "Agus ná tuiteadh aon choladh ort ar do bhás".
    Do chuaidh sí sin go dtí an leabaidh, agus d'fhan Ubhall cois na teine 's é tréith.
    Siar thar dhruim na h-oidhche do tháinig guth go dtí an doras. Agus dúbhairt: "Scaoil isteach me ó fhuacht agus ó anródh na h-oidhche". D'oscail Ubhall an doras,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Dheada
    Gender
    Female
    Age
    14
    Informant
    P. O' Mórdha
    Gender
    Male
    Age
    89
    Address
    Cé Bhréanainn, Co. Kerry