School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nach mór buailte leis an dtalamh tirim d'eirig sí de'n tochta na seasamh agus thug sí iaracht air léimint sa bhfairrge arís, ach thairrig an rámhaidhe go láidir ar na maidí, agus baineadh barra-thuisle aisti, sa t-slíghe gur shleamhnuig sí ar na líonta anuas, agus thuit an cochall dá ceann. Do phreab sé láithreach agus d'aimsig sé an cochall agus do ghreamuig sé é de'n chrios a bhí tímpeall a chuim.
Do shín sí a lámh na threo chun an cochaill d'fhagháilt uaidh, ach níor léig sé air go bhfeaca se í, bhí a fhios aige de'n dtrath so, gur bhí an murbhrúghach a bhí aige, agus dá scaoileadh sé an cochall léithi ná feicfeadh sé go bráth arís í.
Thug sé leis abhaile í annsan, agus nuair a chonnaic sí na "rudaí beaga" aige baile, do nig sí 's do ghlan sí iad, agus nuair bhíodar go deas glan cíortha aici, do phóg sí gach duine aca diaidh ar ndiaidh agus thuit na leabhaí go mór i ngrádh léi. D'imig an fear amach annsan agus nuair bhí na líonta triomuighthe aige, taréis tamaill thug sé leis iad isteach go cróidhtín beag a bhí ar an dtaobh amuigh de'n dtig, agus chaith sé treasna ar bhíoma(continues on next page)- Collector
- Peig Ní Dhéadha
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Pádruig O' Morda
- Gender
- Male
- Age
- 89