School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sadhbh:-
Déin do dhícheall ar chríochaibh Éireann
Ach seachtmhain ó'ndiu, beidh tú tréith-lagDeirtear go bhfuair Seán bás díreach mar a dúbhairt sí- seachtain ó'n oidhche sin dá dtáinig sí a triall air.
Cuireadh ar gach taobh den roilig céadna iad, ach níor bhfada curtha iad nuar a d'fhás dhá chrann mhóra árda, crann ó's gach uaig a bhí ag claonú chun a chéile diaidh ar ndiaidh, go dtí ar deire thiar thall do bhuaileadar le na chéile anáirde sa spéir ar fad; agus gach duine théigheadh isteach sa roilig úd na dhiad san bhíodh sé ag tabhairt na crainn sin fé ndeara, agus iongnadh a chroidhe air, conus gur tharluidh an teangamháil eatortha.- Collector
- Pádruig Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Age
- 13