School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)39/
D’fháiltig Máthair an fir óig roimpi agus d’fhiafruig sí dhi cá bhfuighead sí cócaire maith a thabharfadh cabhair de’s na cócairí eile. Bhí oireadsan le déanamh aca le méid na ndaoine a bhí ann.
Dubhairt an bhaintreabhach go raibh a leithéid sin de chailín sa tig aici féin, agus gur bh’árd chócaire í. Do cuireadh fios láithreach uirthi agus tháinig sí.
Bhí sí annsan ag oibriú léithi imeasc na gcócairí eile, agus nuair a bhí an suipéar i leathtaobh do labhair sí focail éicint neamh-chotchianta, agus tháinig ciunas sa tig.
Nuair a bhí na focail ráidte ’ci, do chuir sí coileach ’s cearc ag piocadh gráinne coirce ar an úrlár. Do bhí gach éinne a’feuchaint ortha. Fé dheire do rug an Coileach an gráinne déanach ó’n gCearc (gcirc) agus dubhairt sí leis mar seo “Léan ort! Tá do ghrádh imighthe anois. Nach cuimhin leat nuair a dheineas-sa lacha dhíom fhéin, agus chuadhas síos annsan loch agus thugas an fáinne chughat! Nach cuimhin leat nuair a bhís insan gcoill gur mise a leag an crann duit! Nach cuimhin leat nuair a dheineas na cleasanna ar thaobh bóthair nuair a bhí m’athair ad’ lorg! Dubhart leat gan(continues on next page)- Collector
- Máighréad Ní Dhéadha
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Peats O' Mórdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 89