School: Breac-Cluain (C.) (roll number 16218)

Location:
Brackloon, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Néill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 687

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 687

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Breac-Cluain (C.)
  2. XML Page 687
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear na chomhnuidhe thiar i Log-na-gcapall darbh ainm Liam Ó Gairbhí. Bhí sé in ngrádh le cailín na óige agus thug sé gealleamhaint di go bpósadh sé í ach níor choimeád sé é. Phós sé bean ó n-Daingean de mhuinntir Shúilleabháin. Blian na dhiaidh sin bhíodar ag dul go Tráighlí go déanach san oidhche. Bhí capall agus cairt aca agus ráil ar an gcairt. Díreach agus íad ar an mbóthar taobh thoir de sgoil Abha-na-Sgáil chonnacadar an bhean istigh sa chairt agus d'aithin an fear í. Níor leig sé air go bhfeaca se ainne agus d'fhan sí ins an gcairt gur chuadar soir go Droichead na Gleanna Móire. Annsin d'iarr a bhean air an bhfeaca sé an bhean a bhí san gcairt na dteannta. Dubhairt sé léi gurbh é speabhríde a bhí uirthe ná feacaidh sé féin aon bhean sa chairt. Tar-éis sin nuair a bhíodh sé ag iascaireacht nó ag imirt cártaí go luath san oidhche, cítheadh sé an bhean agus leanbh na scread i n-aice léi. Nuair a bhíodar ag dul go Tráighlí an oidhche sin bhí bean tar-éis bás d'fháfhail in Ameirice agus ní raibh sí pósta i n-aochar.
    Nóra Ní Cúrnáin
    Fuaireas an sgéal so ó
    Shéan Ó Beaglaí, 57 bl
    Baile-na-Saor,
    Abha-na Sgáil
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Cúrnáin
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Beaglaí
    Gender
    Male
    Age
    57
    Address
    Baile na Saor Beag, Co. Kerry