School: Breac-Cluain (B.) (roll number 16217)
- Location:
- Brackloon, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-Cluain (B.)
- XML Page 584
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí feirmeóir mór ann fadó agus bhí buachaill bocht mar buachaill aimsire aige.”
(continued from previous page)amach é ach bhfuil fhios agath cad a deanfair cuirimíd isteach i gcisean é agus sgaoilímid léis an gceadh tuille eile a bheidh san abhainn é agus bádfar é. Tá an ceart agath ars an feirmeóir. An ceadh lá bhí tuille ceart san abhainn agus do chaitheadar an cisean léis an tuille agus an leanbh isthigh ann. Bhí muilleantóir í n-aice na habhann cúpla mile on bhfheirmeoir agus ana chairde a beadh iadh. An lá so ach go h airighthe ní raibh de chúram ar an muilleantóir ach ag glanadh na h-abhann. Cadh a chidfeadh sé ar bharra na h-abhann ach cisean. Tug sé léis abhaile é agus d'osgail sé é agus cadh a bheadh istig ann ach leanbhín. Choinnibh sé an leanbh chuige féin agus do dein buacaill mait mor do. Cuaidh an feirmeoir ar cuairdh lá go dtí an muilleann agus bhí ana iongnadh air nuair a chonnaich sé an garsún. Cé leis an garsún ars é?nó cadh as é? Dinnis an muilleantóir do conus mar fuair sé an garsúnach chait sé na mion is na moidhe a tabhairt na bogfhadh sé a bhéal air lé h-aoinne. Annsan dubhairth an feirmeóir go dteastuig an garsuin uaidh lé cur ar teachtaireacth go dtí na thig féin. Thug sé píosa páipear do agus rudh eighin scriobhta ann agus d'imthigh an buacaill.Bhí sé ag imteachth ar feadh an lae agus sa deire buaileadh isteach i mbothainin é agus ní raibh(continues on next page)- Informant
- Nóra Ní Laochdha
- Gender
- Female