School: Breac-Cluain (B.) (roll number 16217)

Location:
Brackloon, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 484

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 484

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Breac-Cluain (B.)
  2. XML Page 484
  3. XML “Béaloideas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá áit ar an dtaobh tuaidh de Loc Scáil i gcnoc Drom Abhaile n'a raibh Cuchulainn na comhnaidhe ann. Do bhí caislean ináirde ar bharr an cnuic agus do bhí regiment saighduiri in a seasamh ar faid an chnuic. B'é saighduiri iad na clocha móra fado ina seasam agus sgraitín mar caipín ortha. Nuai a féacfa suas ortha do tabarfa an leabhar gur bh'fearaibh iad. Tháinig fatach o ait eile agus thugh sé féin agus a Shaighduiri fútha. Ins an áit go nglaodtar Cromán chidhfeá an caisleán. Biodar ag troid ar feadh dá lá, agus Cuchulainn ag fághail an lámh uactair ar Chromán.Do bhí Croman á ullumhughadh féin chun imtheact la.Do caith Cuchulainn luiath ar Cromán,ach spuineog a chaith sé. Nuair a chonnaic Cromán cad a caitheadh ar d'aithin sé ná raibh a tuille luaidhe aige. Do lean Cromán do bheith ag caiteam agus do leag sé caislean Cuchulainn agus ta an fhothrach ann fós.
    Fuaradh an scéal so ó Mhuiris Ó Cinnéide, Cam Dubh. Tá sé 84 bliadna. Feirmeoir. Chaith a shaoghal ar fad i gCam Dubh. Chualaidh sé an scéal ó sheandaoine a bhí ar an mbaile le linn a óige. Bhíodar os cionn 70 bliadhain nuair a chualaidh sé iad. Sgriobhadh an scéal so an 8adh Mhárta 1938
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Cú Chulainn (~40)
    Language
    Irish
    Informant
    Muiris Ó Cinnéide
    Gender
    Male
    Age
    84
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Coumduff, Co. Kerry