School: Breac-Cluain (B.) (roll number 16217)

Location:
Brackloon, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 580

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 580

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Breac-Cluain (B.)
  2. XML Page 580
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí garsuinín beag ann fado ag rit timceall na mbailre.

    (continued from previous page)
    glaoidh sé amach ar an bhfeirmeoir. Nuair a connaich sé an seana Bhean agus gan aon anam innte thug sé an dochtuir nó pé sagas fear leighis a bíodh ann cuicí agus ní gearr airis go raibh sí go maith ach am briathar is am baice ná leigeadh sí mé féin na goire. As san amach caitheadh sé oibriú sa górt i dteannta na mbucaillí aimsire eile agus is é a bhí go sástha cé ná marbuigheadh sé é féin. Bhíodh sé féin is na buacaillí eile go léir i gcómhnuidhe ag imirt cleas ar a chéile agus sa deire thug an feirmeóir fé ndheara gur beag a bhíodh deanta i ndeire an lae acu. Dubairt sé léis féin feasta go bfaireadh sé amaireach iadh. Lar na bhaireach do tosnuigeadhar ag obair go hana luath agus an feirmeoir mar bhoss orta. I ndeire an lae bhí cuid mhait oibre deanta acu an feirmeoir buidheach a chionn. An lá na dhiaidh san ní raibh sé a bhfaireadh i naon-chor ach do bhí an cailín óg do inghean aige agus cuireadh sé ag féacaint orta anois is aris í.Nuair a thagadh sí chucha bhíodh na buachaillí ar a ndícheall agus nuair a bhíodh sí imthighthe bhíodh an sgéal ceadna acu. Seadh nuair a d'fhiafhruigheadh an t-athair don ingean conus mar bhíodar ag deanamh sé rudh a deireadh sí ná go mbíodh obair dhá lae deanta acu. Thug an feirmeoir cuaird tratnona orta ní raibh sé sasta chuige leis an meidh a bhí deanta acu. Do fuair sé amach sa deire gur bé "Mé Féin" a bhí ag deanamh an diabhach agus thug sé a fadh do is dubhairt sé léis priocadh leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Nóra Ní Laochdha
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Female