School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 166
- XML “Talamh Iascaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nó rith ar chuid acu agus an taoide tanaighe.
Bhíodh Seana Dhiarmuid ag tabhairt na n-iasgán ó'n nDaingean i gcliabh ar a drom leis cun baidhti iasgaig bhíodh an tiasg go flúirseach an uair sin agus ní raibh na h-iasgáin annso thíos aig an gCorainn mar atáid anois. Bhíodh Diarmuid a dtabhairt leis i gcliabh ar a drom agus á gcur i dtaisge thíos annso. Lá agus é Bun Cala aniar buail Donnchadh na leathóg leis. Lá ana bhrothallach a b'eadh é. "Tabharfa' mé pingin duit ach an cliabh so thabhairt go Tráigh - Bheag dom," ar seisean le Donnchadh. Ní raibh a thuile air. Thóg Donnchadh an cliabh agus chuir ar a dhrom féin é. Fear mór láidir go raibh goile trír aige a deiridís a b'eadh Donnchadh. "Tabharfat' mé pingin eile dhuit má thugann tú mé féin in aoinfeacht leis an gcliabh," arsa Diarmuid. "Diabhal teip" arsa Donnchadh. Chuir sé an cliabh ar an gclaidhe agus suidh Diarmuid anáirde air. Nuair tháinig sé go barra Baile'n tSagairt, "Ar son Dé ar seisean é, "gaibh anuas tá na braighideáin ag gabháilt síos tríom' ghuaile."
Cun deargán mór a cheannach a bhíodh an phingin uaidh. Ní cheannóchadh sé aon deargán ach ceann mór. Bhí sé lá agus ní raibh ach leathphingne aige agus chuir sé dúil i ndeargán mór ach ní bhfuigheadh sé gan an phingin é. Cuir sé an leathphingne mar éirnist ann agus seo abhaile leis, pé áit thiar i mBun Cala go raibh bothán(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry