School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 151
- XML “Tá an Fharraige na Gamhnaigh agus an Fáth go bhFuil an tIasc Gann Anois”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus i ndeire thiar do dhein se tairigreacht do promhálach go fírineach ó shoin
Deirim-se leat-sa a phíotair, a líthig, 'sa phiarais óig
Deirim-se le lucht sicéadaí go dtréigfidh siad an teaspach fós
Mar gur b'iad a dhein an díomas ar ár líonta á ngearra ar bórd
Do bhíodh á gcur san oidhche agus nár díth dóibh a ngabhadh 'na dtreólucht sicéadaí = Muinntir Calaithe toisg go mbíodh na "geansaís" gorma ortha an uair sin nuair ná raibh a leithéid ar aon iasgaire eile.
Sin é an saghas oibre a chuir an dimil-aigheadh (pr. eye) ar an iasg. Ach ní dhéanfadh an méid sin go léir tobac pípe de'n amhrán ar fad. Ins na ceathrúna siar d'ainmnig sé na fearaibh agus fuaireadar ana sgóladh ann.
Bhí an cleas céadna á imirt acu ar mhuinntir na Mionáirde agus dein an Brianach amhrán na dtaobh san leis. Bhí fear de Mhuinntir na Mionáirde taréis déire mhór is comaoine a déanamh ar dhuine de mhuinntir an chalaithe ach níor saor san é uatha. Diabhal oidhre ortha ach na foghlaithe fairrge a bhíodh ann roime sin.
Seo mar a dubhairt an Brianach i gCeathrúin d'amhrán na Mionáirde i dtaobh beirt fhear ó'n gCalaithe gur cailleadh a n-athair tamall roime sin.
"Nuair a bhí an t-athair tréith lag, go ndéine an tAon Mhac ar na mairbh guidhe(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry