School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 121
  3. XML “Cois Taoibh na Mara Istoíche”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhíos ar dhrúcht im'aonar cois taoibh na mara istoidhche
    Go síorach suarach aérach is gan aoinne im'aice ach faoílin
    Do dhearcas chúgham cois taoibh an chuain ag teacht go snua-gheal soílseach
    An eala bhuacach aibidh uasal, do gheal an uain im'thímcheall.
    Shíleadh dom gur "Comet" í bhí ag fógairt choga draoidheachta
    Nó Nílean úd na Róba do dhein ló go follus d'oidhche
    Bhí cuacha breághtha gruaige fáineach anuas go trácht a mín-chnis

    (Bhí pórtal táclach gruaige faineach anuas go trácht a mín-chnis)
    D'á luasga i gcás gan bhuadhairt mar mheáin le suairceas sámh na gaoithe
    Bhí éin na talmhan naomhtha na sgaotaibh cois na duibhche
    Agus éisg na mara tréine ag léimrig dtí'n rí bhean
    Ag éisteach léi ba bhinne béal ba dheise méar ar chuínn chruit
    le taitneamh cléibh, do'n ainir séimh do stadaid féin na tímcheall
    A tór-bhrat fairsing síoda is glan do scríobhas an eala bhéasach
    a pórt glas aibidh díonmhar a cruínn go beacht fé ghéagaibh
    Roínte caoile i gcúmhais na taoide mór-chuid faoig is faol-chuin
    Seólta ar luing cois bóchna deacht ar ló go síod na dtréan-fhear.
    Bhí lunnrach geal na h-éadan, ba caol a malla sgríobhtha
    Ba dúnta deas a déada geal in aoinfeacht suídhte tímcheall
    A mama séibh, a gearra géar anuas ar thaobh a taoibh-chuirp
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Griagaire Ághas