School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 072

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 072

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 072
  3. XML “Fuaras ó Dhia mar Fuair Brian Bean”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Brian Doyle 'na fhear óg 'na chómhnuidhe ar an bhFothraigh. Ní raibh ach a mháthair sa tig na theanntha. Chuaidh sé amach oidhche ar thuairisg ceann des na ba a bhí i mbéal bertha (beirthe). Nuair a d'iompuig sé an cúinne 'ge binn an tighe chonnaic sé chuige triúr fear ag iomchur cómharthan. "Muise" ar seisean, "Is mór an náire gan ach triúr fear fé'n gcómharthain sin" agus chuaidh sé féin fúithe mar cheathrú fear. Is amhlaidh a sgaoileadar síos í agus d'fhágadar ann í agus d'imthigheadar gan focal a labhairt. D'fheuch Brian na thímcheall. Bhí an oidhche chómh geal leis an lá geall leis. D'osgail sé an cómhartha agus cad a bheadh ach cailín óg dathamhail 'na táim-codhladh agus gruaig fhionn ruadh uirthe. Thabharfá an leabhar gur 'na codladh a bheadh sí agus chuir sé a lámh ar a h-éadan agus ná raibh teas na beatha innte fós. "Seadh, seadh," arsa Brian, "ach bhuaidh san ar obair na mbeach féin." Ghlaoidh sé ar a mháthair agus thógadar isteach sa tigh leó í. Bhí sí tamall maith sa tig acu agus d'itheadh sí agus d'óladh sí nuair a cuirtí go dtí na béal é ach má seadh ní raibh aon fhocal aiste ach í mar bheadh sí na codladh. Lá go raibh an tseana bhean ag cíora a cuid gruaige ag an gcailín nár bhuail biorán suaithinseach léi sáidhte go daingean sa gruaig agus bhain sí as é. Ní túisge dhein nár mhúsgail an cailín óg as an suan a bhí uirthe. D'fheuch sí na tímcheall agus chimil sí a súile agus d'fhiafruig sí cá raibh sí nó cé'r b'iad féin. D'iniseadar di cé'r b'iad féin agus gurbh amhlaidh a fuaireadar ag dul amú í. Níor mhaith leó an sgéal go léir d'innsint di
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male