School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 035

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 035

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 035
  3. XML “Túirín Rátha an Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ach ní fhéadfadh san a bheith, mar tá iomláine na Trágha Bige le feisgint ó gach ball ar an bplásóg sin.]
    Nár tháinig sean-duine ó Bhaile 'n Mhuilinn (in aice an Daingin) go raibh cúntas-sgríbhte aige ar ór na nDanarach. Pé slighe go dtáinig sé suas leis an gcúntas san agus chaith sé tamall maith aimsire ag cuardach na gclochán agus na gCarn sa Cham agus ní bhfuair sé de bharr an chuardaig go leir ach seana raca-gruaige a bhí ana chríona agus seana-shiosúr a bhí comh tuatach is chonnaicis riamh. Istigh i gceann des na clocháin a fuair se iad san. D'eirig sé as an gcuardachh annsan ach chómh luath is chonnaic buachaillí óga na háite - seadh mhuis agus cuid des na seandaoine leis - chómh luath agus chonnacad cómh piacalach is bhí an sean duine ó Bhaile n' Mhuilinn, agus óir nár éirig leis aon nidh cóir d'fhághail , tosnuigeadar féin go léir ag cíoradh is ag cuardach ag raobadh is ag rómharadh is ag toide. Níor chualadh go bhfuair aoinne acu oiread is cnaipe práis de bhárr a gcuid saothair.

    20-11-1937 Seán ÓBrosnachain maor lucht-oibre igCam an Bhúdhlaoraig a thug notaí an sgéil seo dhom i mBéarla: Fuair seán an sgéal i nGaedilg ó chuid des na sean daoine san áit ie. An Báróideach Baile 'n Bhúdhlaoraigh agus An Cinnéadach Baile Roisdín -"na dtighte nuadha"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Brosnacháin
    Gender
    Male
    Occupation
    Maor
    Address
    Com an Bhúlaeraigh, Co. Kerry