School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go dtáinig sí go dtí seana phortach go raibh an seó de'n cheanabhán móna so ann, agus dubhairt sí léi féingur "maith an áit é seo" chun cur suas di féin. Tháinig sí annsan agus do dhéin sí saghas sgailpe di féin leathais cairrge bhí suas ó'n bportach i mbreac-choill bhig a bhí san áit. Do dhírigh sí ar bheith ag bailiú an ceanabháin so móna dí féin annsan ar a dícheall. Bhí sí mar sin tamall agus lá dá raibh sí ann, cé gheobhadh an tslighe ach duine uasal óg bhí na rígh ar an mball san agus gadhair agus a ghuna aige agus é ag sealgaireacht do féin. Tháinig sé fé dhéin an bhotháinín agus do chuaidh sé isteach agus chonnaic sé an bhean ba bhreághtha dár luig a shúil riamh uirthe.
D'fhiafruig sé dhe cad é'n saghas mná í, nó cad a bheir mar sin í comh-h-aonaramháil san áit uaignig sin. Níor labhair sí focal ach bheith ag obair léi. Chuir sé ceist agus ceist eile uirthe ach ní raibh aon brí do ann.Ní thabharfadh sí aon freagra air. D'fhéuch sé tímcheall an bhotháin. Ní fhéacaidh sé aon pioc bidh ná dighe ann. Agus d'fhág sé na diaidh a raibh marbh aige i gcaitheamh an lae. Chomáin sé leis annsan agus d'imthig sé abhaile agus i gceann seachtmhaine nó coig tháinig lá'r na mháireach agus lá'r na mhanathar agus lá'r na mainiris agus tugadh sé leis an méid a bhíodh marbh aige i gcaitheamh an lae ag triall uirthe. Sin mar a bhí. Bhíodh sé ag teacht ann gach aon lá go dtí i gceann seachtmhaine nó
coigcighis, go bhfuair sé é féin tuitithe i ngrá leis an mnaoi óig seo agus do samhlaidh sé go raibh sí sin leath-slighe n-a choinnibh. D'fhiafruig sé dhe, mar seo, lá an mbeadh sí sásta leis mar fear nó an bpósfadh sí é. Dhein sí comartaidhte dhó go mbeadh agus go bpósfadh, ar choingheall ná h-iarrfadh sé uithe an áit d'fhágaint go dtí gur b'é a toil féin é. Thoilig sé chuige sin.(continues on next page)- Collector
- Conn Ó Scannláin
- Gender
- Male
- Address
- Cluain Chortha, Co. Kerry