School: Scoil N. Bríde
- Location:
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Teacher: Síle Granville
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do chomhnuigh athair Piarais ar an mBaile Uachtarach. Bhí caisleán no dun aige ar leitinis amac cois na fairrge. Do bhí droichead lasmuig don ndun agus nior bhfeidir do aonne an dún do shroisint go dtí go mbead an droichead so leagaighthe. Do bféidir an droichead do chur is do leigint teastuigeadh uatha.Sé an t-ainm a tugtar ar athair Phiarais na Donncad and Dúin. Fear uasal foghluimthe agus file dob eadh é agus ní raibh puinn do uaislibh na Mumhan ná go raibh aithne aige ortha.Do casadh air cuaird go Caiseal agus uair agus fuair se aithne ar fear uasal ann. Thug an fear uasal sin cuireadh chun a thige féin do. Do chaith Donnchadh an Dúna oidhche ann agus fuair sé aithne ar an lion-tige. Do bhí oig-bhean do ingean(continues on next page)
- Informant
- Tomás O Ciabháin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- An Charraig, Co. Kerry