School: Scoil N. Bríde
- Location:
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Teacher: Síle Granville
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Bríde
- XML Page 265
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aimsir an ghorta fadó bhí baintreabhach bocht thiar i bParóiste Fionn Trághana comhnaidhe. Bhí triúr mac aici. Bhí duine aca timcheall deich mblian d'aois, duine eile dhá bliadhain deug, agus duine ceithre bliana deug. An méid prátaí a bhí curtha aca do lobhadar sa talamh agus bhíodar gan aon bhiadh annsan. Do bhí na leanbhaí ró-óg chum aon chabhair do thabhairt di agus chaith sí féin imtheacht agus biadh do sholáthar dóibh. Uaireannta ní fhaghadh sí aon rud. Bhí sí féin agus a leanbhaidhe ar feadh dhá lá na dtroscadh. "Dia go deo linn, a leanbhaidhe " ar sí, "is dócha go gcaillfear leis an ocras sinn. Tá sé chomh maith agam imtheacht arís feuchaint an bhfaghainn aon nídh le n-ithe."
Bhailig sí lei go lag, agus shiubhlaig sí mórán, acht ní bhfuair sí aon nídh. Chas sí thar nais ar an dtig go dubhach brfónach toisg gan aon nídh a bheith(continues on next page)- Informant
- Cait Ní Duinnlei
- Gender
- Female
- Address
- An Charraig, Co. Kerry