School: Scoil N. Bríde

Location:
Baile na nGall, Co. Kerry
Teacher:
Síle Granville
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 266

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 266

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Bríde
  2. XML Page 266
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    aici dos na leanbhaidhe.
    Nuair a tháinig sí abhaile do bhí na leanbhaidhe sínte siar agus iad na gcodladh. Do chroch sí an corcan os cionn na teine agus chuir braon uisce ann mar dubhairt sí leí féin dá ndúiseochadh na leanbhaidhe agus gan aon rud d'feicsint ar an dteine go dtuitfeadh an t-anam asta.
    Nuair a dhuisigh na leanbhaí dubhradar le na máthair "Mhuise a mháthair an bhfuil aon nídh agat dúinn?. Cad tá sa chorcán agat ?" "Tá", ars an mháthair , " braon do puirseach mine bhuidhe". "Mhuise, cabhair Dé chugainn " ars iad ag éirge aniar. D'feuch duine aca sa chorcán , agus is amhlaidh bhí an puirseach bhreagh bhuidhe ag fliuchaig aníos. Do thógadar an puirseach do'n dteine agus d'itheadar a ndóthain. "Seadh anois", ars an mháthair, "ní mise a thug an béile dhíbh acht Dia na Glóire. Beirid buidheachas do Dhia anois i dtaobh an bhéile sin .
    Ní tháinig aon lá níos measa ortha ná an lá san mar chuireadar a muinighean i nDia na Glóire.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Cait Ní Duinnlei
    Gender
    Female
    Address
    An Charraig, Co. Kerry