School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuir sean-áirseoir a cheann amach. "Diabhal id' bheatha-sa" ar sé "is cia h-í tú féin" "Nach cuma dhuit" ar sí. "Thánga annso thar cheann dhuine eile". "Is beag a' baoghal ná go dtabharfar teas is teine dhuit" ar sé. Do loirg sí obair air agus má loirg do fuair. Nuair bhí na seacht mbliana suas d'fhiafruig an diabhal críona dhi cad é 'n pádh a bheadh uaithe. "Lán mo chóta d'anamnacha" ar sí sin. B'shiúd na h-anamnacha go léir ag béicig d'aon ghuth "Tabhair leat mise a Leidirín. Tabhair leat mise". Bhíodar anáirde ar a ceann ar a guailnibh ar a drom agus bhí a cóta lán díobh. D'fhág sí slán ag an diabhal is ag na h-anamnacha nár fhead sí a thabhairt lei.
"Slán go deo libh a dhiabhail is a daoine damanta ar sí "is nar leigidh Dia go gcuirfinn mo chos tar tairsing arís chugaibh". Ar chloisint an focail "Dia" do'n diabhal leig sé scread uathbhásach nimhneach as - scread a mhúscail macalla iongantach ins an aer mórdtimcheall. D'imthig sí lei agus cé bhuailfeadh lei ag dul go h-Ifreann ach Micí na Muc a fear féin. "Dein deabhadh a Leidirín" ar sé "Tá an fear gur(continues on next page)- Collector
- Máirín Bhodlaeir
- Gender
- Female
- Address
- Ard na Caithne, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Uí Bhodhlaeir
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Ard na Caithne, Co. Kerry