School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 531

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 531

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 531
  3. XML “Scéal ar Fhionn Mac Cumhaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó do b'é Fionn a bhí 'na Árd rí ar Éirinn agus is air a bhí Éire a chosaint. Bhí duine uasal láidir timcheall Loch Léin. Bhí triúr fathach sa teorainn aige. Bhídís ag guid agus ag fuadach gach oidhche uaidh. Scríobhadh an duine uasal go dtí Fionn ag rádh leis teacht chuige. Dhein Fionn suas é féin chun dul ag triall air mar bhí fhios aige gur gnó éigin fé leith a bhí ag an duine uasal so dho. Chuaidh sé chuige agus thug sé leis a mhadra Bran agus a shleath. Chuir an duine uasal na mílte fáilte roimis nuair a chuaidh sé chuige. Níor innis sé dho an lá san in ao'chor cad é an cúram a bhí aige dho go dtí lár na mháireach. Dubhairt sé leis ná raibh na fathaigh ag fágaint lí na lé aige. Bhí san go maith is ní raibh go h-olc. Nuair a bhí na buaibh crúidhte 'stoidhche lár na mháireach ag na cailíní freastail thiomáin an buachaill iad go dtí an ngort agus chuaidh Fionn le na chois. Cheangail sé Bran le trí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Bodhlaeir
    Gender
    Female
    Address
    Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
    Informant
    Tomás Ac Gearailt
    Gender
    Male
    Address
    Márthain, Co. Kerry