School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thug an capall fé ghabháil anoir i ngan fhios do agus gur bádhadh é toisg an ceangal a bheith fé. Fuair Éamonn tuairisg a chapall ach cad a bhí aige le déanamh ach é thógaint go foidhneach chomh maith is fhéad sé. Chait sé cur sa t-soláthar. Miúil a cheannuig sé an turus so. Bhí bothár beag dá thógaint aige agus is é áit go raibh na clocha bainte aige ná ó'n dtaobh theas Cuas a' Bháith. Mar a dubhart cheana ní raibh aon chairt ann an uair úd. Is é seift a cheap sé ná cathaoir a chur ar gach taobh de cliathán na miúlach agus srathar fútha. Bhí sé ag casadh leis na clocha a tharrac ar an slighe seo agus an mhiúil óg éagannta gan puínn nirt fós innte. Ar cheann dos na h-ualaighe agus é ag líonadh agus ag socrú na gcloch ar na cathaoireacha do bhain rud éigin sceit asan miúil gur imthigh sí i leith a cúil nó gur buaileadh síos ins an cuas ar an gcladach marbh í. Bhí Éamonn bocht gan capall gan miúil anois. Bhuail breóidhteacht an ceanntar. Do luig an mac críonna go h-olc breóidhte. Bhí an mháthair ag friotháil air chomh maith is fhéad sí. Trídan áirneán agus an scodaráil do b'éigin dhi féin luighe. Bhí Éamonn na bhanaltra ar an mbéirt annsan. B'í críoch agus deire an scéil go raibh an mac agus(continues on next page)
- Collector
- Brighid Bhodhlaeir
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Reannaigh, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Budhlaeir
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Baile an Reannaigh, Co. Kerry