School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 136
- XML “Na Tiarnaí Talún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is mílte eile nách iad. Bhí Cáit Bhán ana óg an uair sin. Súagán a bhíodh timcheall uirthi is í na baclainn ag a hathair. Gheibheadh sé Ceann Sléibhe aniar. Ní leigtí isteach in aon áit iad mar bhí spíarí ag Bess Rice. Isteach fé bhéal leice a théighidís. Théigheadh a hathair Seamus Bán ag soláthar teine di. Gheibheadh sé cúpla spré is chuireadh sé fén leic é chun í a bheith te. Oidhcheannta bhídis istig i dtig acht bhíodh scéigthe aige na spiairí ortha is chaithidhis a bheith ag imhtheacht. Bhíodar ag chaitheamh an tsaoghail go hana bhocht.
Bhí Cáit Bhán mór an uair sin. Bhíodh truagh aige sna sagairt dos gach aoinne acht ní raibh aon leigheas air. Thóg an t-Athair Domhnall Ó Súilleabháin air láimh í. Chuir sé fé scrúdú i dTráidhlí í is dhéin sí é. Cailín ana mhaith i gcóir leitireachta a b'eadh í. D'fág an sagart le n'uacht(continues on next page)- Informant
- Eiblís Bean Uí Cheárna
- Gender
- Female
- Age
- c. 60