School: An Bloscaod Mór

Location:
Great Blasket Island, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt

Filter stories

Back
/ 230 Forward
Resolution: Low | High

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 029

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá sé seo air an dtaobh thuaidh de thráighlí. Tugtar turas timcheall an tobair seo agus deirtear go bhfaighfeá leigheas air tinneas fiacaile agus tinneas cínn. Triúr Naomh a bhí ar teicheadh aimsir an chruadhthain. Do léimeadar isteach san tobar. Nuair a tháinig an tóir suas leí ní raibh ann acht trí maltáin agus tugtar "tobar na Molt" ó shoin air. Naomh Breanndán duine acu.

Tobar Naomh Ghobnait. Tá an tobar seo ar an gCeachramhain in nDúnchaoin. Sé an ciall go dtugtar turas Naomh Ghobnait air ná:- Chaith Gobnait sé seachtmhaine ar an maoluig seo gan ghreim ná deoch & ní feadair aoinne cad air a mhair sí.
Sgéal na taobh

(continues on next page)
Language
Irish