School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 121
- XML “An Reilig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl acht aon reilig amháin san áit seo ar a nglaodhthar reilig Rinn an chaisleáin. Deir chuid des na daoine go bhfhuil sí coisrighthe. Tá sgata uaigeacha ann. Clocha móra glasa as a gcionn agus cupóga, leanntóga, bláthanna agus fear glas ag fás as a chionn.
Is innte a chuirtear na leanbhaí beaga a cailltear annseo. Cuirtear na leanbhaí gan baiste innte chómh maith. Tá bean uasal a fuaireadh ar an bhfarraige fadó lán do órnáidí agus do rudaí luachmhara churtha san reilig seo. Tháinig a muinntir féin chun í a thógaint leó agus í a chur in áit éigin eile. Nuair a chonnacadar í fé na chuid órnáidí d'fágadar ann í. Ní cuirtear aon daoin[e] móra innte anois ach leanbhaí.