School: Killahan
- Location:
- Killahan, Co. Kerry
- Teacher: Bean Uí Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Caisleán Bhaile Mac an Caím a tugtar ar an gcaisleán san timcheall cathramhadh míle ar an dtaobh thuaid de thigh na scoile, (san Onomaslíchon Goedelicham).
Cruitheachán nó fear cam a b'eadh an fear atá i gceist. Ba le n-a chlainn mhac san an talamh, is an caisleán, b'fhéidir. Ón uair sin i leith tá baile mac an (fhir) chaímh ar an mbaile fearainn seo. Acht is beag dá mhearbhaill ar aoinne ná gur bh'iad Clann Mhuiris Mhic Gearailt no duine nó dream éigin do shiolruigh uatha do thóg an caisleán. B'fhéidir gur d'á síol siúd do b'eadh an fear cam.
Tá an áit seo ingiorracht ceithre mhíle do lic Snámha, áit in-a raibh caisleán ag Clann Mhuiris, agus an fhaid chéadna ó Aird-Fhearta áit n-a raibh caisleán eile acu. Ba leó an dúthaigh seo go léir ó'n mbliadhain 1200 nó mar sin anuas go dtí aimsear Chromail agus ba le n-a sliocht, cuid mhór de'n dúthaigh seo go dtí le fíor-dhéidheanaighe.
Má fhéachair ar an léarscáil chídhfir gur(continues on next page)