Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. Galway
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 474
- XML “Mac na Baintrí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aon [!] teine san áit. Amac le Seán go dtí an choill agus bhain sé leath na coille le na lámha gan tuagh gan sabh. Tháinig sé abhaile arís agus isteach leis sa gcliabhán bliain eile
Nuair bhí an bhliain eile caithte chuir an feilméar fios air agus dubhairt sé leis a thoghadh do glacadh de tri cineál ceird sé sin a bheith na ghréasaidhe na fhigheadóir no ina siúniúir Shuidh Seán síos. Thug sé leathar agus ceap agus thosuigh sé ag déanamh bróg act níor thaithnigh an obair leis. Chuaidh sé ag an bfigheadóir annsin ac níor thaithnigh an obair sin leis act an oiread. Chuaidh sé ag an súineir annsin agus thosuigh sé ag déanamh bosca big. Ag cur tairgne sa mbosca dó bhuail sé a mhéar agus d'eirigh sé as an obair sin abhaile leis agus isteach sa gcliabhán arís. D'fhan sé bliain eile ann.
Nuair a bhí an bhliain caithte aige amac leis arís. Ní raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Dhúlocha, Co. Galway