Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. Galway
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tú romhat é." Chuaidh sé abhaile agus bhí teach breagh agus stáblaí roimhe.
An dara maidin chuaidh mac an ríogh amach ins an áit céadna. Shuidh sé síos cois na fairrge. Chonnaic sé an long ag teacht chuige isteach ins an áit céadna. Tháinig an Scológ amach agus thosuigh an bheirt ag imirt chártaí. Fuair an Scológ an ceann ab fhearr air an dara lá. "Cuirfidh mé faoi gheasa thú anois" ars an Scológ le mac an Ríogh "caithfidh tú trí lá oibre a thabhairt dom in Gleann an Uaignis san Domhan Thoir" "Innis dom cá bhfuil an áit sin" ars an mac Ríogh "Ní innseóchaidh mé duit é" ars an Scológ "caithfidh tú féin a fháil amach"
Chuaidh an mac riogh abhaile go brónach. Nuair a tháinig sé isteach thug a mháthair fe ndeara go raibh rud eicint ag deanamh imnidhe dó "Is docha go bhfuil tú trom-chroidheach faoi gheasa anoct a mhic" ar sise "Seadh" ar seisean agus ní raibh sé indon a thuille a rádh.
Maidin lá 'r na bhárach d'éirigh se go moch. Chuaidh sé go sean-fhear glic(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Iníon feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dúráithe, Co. Galway