Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)

Suíomh:
An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 420

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 420

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Fáirche
  2. XML Leathanach 420
  3. XML “Scológ na Feasóige Léithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'innis sé a sgéal dó. Fuair an sean-fhear tri chipín. Chuir sé le chéile iad agus ar an bpoinnte bhí long bhreagh déanta aighe "Seo duit í seo a mhic Ríogh Eireann" ar seisean "agus bhéarfaidh sí go Gleann an Uaignis" thú. Beidh tú trí oidhche agus trí lá ag dul ann" Gabh mac an ríogh buidheacas leis.
    As go bráth leis an luing agus an Mac innti. I gceann trí lá ghabhadar cuan i n Gleann an Uaignis. Chuaidh an mac idtír agus ní raibh sé ibhfad go bhfuair se amach teach na Scolóige. Chuir an Scológ fáilte roimh mac Ríogh Éireann. Chaith an bheirt aca tamall maith ag innsint sgéalta. Faoi dheireadh tháinig tuirse ar an Scológ. "Tá sé inam dul cun suain" ar seisean Gheobhaidh tú trí ghreim d'on arán donn, trí dheoch de'n tríomadh leann agus codladh ar an gcliath fuiriste go maidin
    Ar maidin chuaidh an Scológ go dtí mac an Ríogh. "Anois a mhic" ar seisean "tá stábla agamsa agus níor glanadh é le seacht mbliadhna agus muna mbeidh sé glanta agat
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Fhloinn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    24
    Gairm bheatha
    Iníon feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Dúráithe, Co. na Gaillimhe