School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)

Location:
An Fhairche, Co. Galway
Teacher:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 374

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 374

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Fáirche
  2. XML Page 374
  3. XML “Páidín Sheagháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    uait arsa Páidín. "Cé'n sort bealaigh a bhí agat sa mbaile" ars an fear. "Bhí droch bhealach agam" arsa Paidín "Bí mé pósta agus bhí naonbhar paisdí agam" "Go bhfóiridh Dia orainn" ars an fear "Ní annso is feileamhnach tú a bheith agus má crocfar tú is dona an sgéal é do do pháisdí acht ní móide go crocfar An lá a cuirfear an dlighe ort breathnuigh thart agus má aithnigheann tú mise agus an culaidh so orm agus tá orm anois abair gur uaim se cheannaigh tú an capall" Meas tú cá bhfuil an capall anois? "Tá sé ina leithead so de pháirc" ars Páidín
    D'imthigh an fear annsin go ndeachaidh sé go dtí an áit a raibh an capall. Bhí buachaill aimsire ag tabhairt aire de. Thosuigh an bheirt ag cainnt agus ag comhradh le chéile "Bhfuil teach tart annso ina mbeadh deoch uisge beatha le díol" ars an fear "Tá" ars an buachaill aimsire "Bfhearr dhuit dul ann agus buidéal
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Sorcha Ní Bhain
    Gender
    Female
    Age
    24
    Address
    Cill Bhríde, Co. Mayo