School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Fáirche
- XML Page 359
- XML “Éan an Cheoil Bhinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus gabh sé buidheachas leis an gcapall. Isteach leis arís go teach an Ríogh fó thalamh. Gléasad carbad dó agus d'fhág sé féin agus “an tÉan” beannacht ag an Rí agus d'imthigh leó go dtáinigeadar go béal na h-uaimhe. Labhair an buachaill agus ars sé “Tarraingidh aníos mé”. Bhí an sean-Rí agus a bheirt mhac ag béal na h-uaimhe. Thosuigh siad ag tarraingt. Ba ghearr go raibh an bheirt ar an mbruach.
Bí an áthas ar an tsean Righ faoi gur eirigh chomh maith le na mhac. Thug sé a chaisleán bhreagh suas dá mhac do b'óige Pósad é agus “Éan an Cheoil Bhinn”. Bhí sluagh mór bailighthe ag an mbainfheis. Bhí saoghal breagh aca uaidh sin amach Tamall indhiaidh sin cailleadh an sean Rí Bí brón mór ar a chloinn mac agus ar muinntir na tíre indhiaidh.Is fearr beagán den ghaol ná morán de'n charanthacht
Is fearr cara sa gcúirt ná púnt sa sparán
Is fearr súil ar mhuir ná súil ar chill
An rud is giorra don bhéal sé is goire don chroidhe- Informant
- Bríghid Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Age
- 24
- Occupation
- Iníon feirmeora
- Address
- Dúráithe, Co. Galway