School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Fáirche
- XML Page 352
- XML “Éan an Cheoil Bhinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mé annso act d'éirigh mo chroidhe le h-áthas nuair chuala mé an ceol áluinn binn” Dhearc sé uaidh ingach uile áit. D'fhéac sé suas ar an gcrann agus chonnaic sé éan beag bídeach dubh agus é ag cantan an cheoil ba bhinne a chuala duine ar bith beo ariamh. Tháinig áthas an domhain ar an sean-Rí nuair chonnaic sé an t-éan agus ars sé “Ní bheidh suimhneas ná solas ar mo chroidhe go deó go bhfuighidh mé greim ar éan an cheoil bhinn sin” Bhí an t-éan ag seinm go binn i gcomhnaidhe. Níor fhéad an fear imtheacht act ag eisteacht nó go raibh an oidhche ann. Faoi dheire d'imthigh an t-éan isteach faoi bhun an chrainn agus síos ins an talamh leis.
D'imthigh an Rí abhaile. D'innis sé dá thriúr mhac fé gach rud a thárla dó ó mhoch na maidne agus ars sé leo “Ní bheidh suaimhneas ar mo chroidhe nó ar m'intinn go deo go bhfuighidh mé an t-éan áluinn sin. Caithfidh sibh é fáil dom. Tiocfaidh sibh liom amáireach go dtí an áit sin agus cluinfidh sibh an ceol binn. An té a chluinfeas an ceol sin ní fhanfaidh brón nó imnidhe air”.(continues on next page)- Informant
- Bríghid Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Age
- 24
- Occupation
- Iníon feirmeora
- Address
- Dúráithe, Co. Galway