School: An Cnoc (Leitir Mór)
- Location:
- An Cnoc, Co. Galway
- Teachers: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Page 158
- XML “Seán agus an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Seán ag fosaidheacht ann. Bhí aon gharraidhe amháin agus dubhairt an fear le Seán na beithidhigh a ligeann i 'chuile gharraidhe ach ann. "Deanfaidh sin" arsa Seán. ach ní mar sin a bhí. Chonnaic Seán go raibh míos mó féir sa ngarraidhe seo ná mar bhí ins na garrantaibh eile, agus go raibh go leor crainnte ag fás in a lár. Bhí teach ann agus triúr fathach in a gcomhnuidhe ann.
Rí a bhí i bhfear na mbeithidheach agus nuair a bhí sé imthighthe sgaoil Seán an beithighigh isteach i ngarraidhe na bhfathach, ach ní raibh siad i bhfad ann nuair a chuir sé amach aríst iad. Nuair a tháinig an tráthnóna thug sé abhaile iad nó go mblightí iad. Nuair a thagadh an tratnóna i gcomhnuidhethosuigheadh na fathaigh ag feadghail.
Nuair a d'imigh Seán aríst an lá 'na dhiaidh sinleig sé na beithidhigh isteach i ngarraidhe na bhfathach. D'fhág sé an iad go dtáinig fathach amach agus dubhairt sé le Seán an beithidhigh a chur amach. Níor thug Seán aon áird air. Chuaidh an fathach isteach agus thug sé amach a chlaidheamh. Dubhairt sé le Seán é féin a chosaint. Chuaidh Seán anonn, rug sé ar an gclaidheamh ón bhfathach agus bhain sé an cloigeann dhe. Nuair a bhí sé sin deanta aige mharbhuigh sé an(continues on next page)