School: An Cnoc (Leitir Mór)
- Location:
- An Cnoc, Co. Galway
- Teachers: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Page 157
- XML “Seán agus an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seán agus an Rí.
Bhí bainteachach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aice. Seán a b'ainm dó. Lá amháin d'iarr sé sgilling ar a mháthair agus dubhairt sé léithe go raibh sé ag imtheacht ag cuartú oibre. fuair sé an sgilling agus d'imthigh leis. Ní raibh mórán siubhalta aige nuair a chuaidh sé isteach i dteach a bhí ar leath-taobh an bhóthair. Nuair a chuaidh sé isteach tugadh a dhinnéar dó agus fiafruigheadh dhe cá raibh sé ag dul. "ag cuartú oibre" ar seisean. "Tá sin ceart"arsa fear an tíghe, "is tú a theastuigheanns uaim-se. Sé'an obair a thuibhras mé duit a dhul ag fosaidheacht beitheach, agus ar maidin amáireach'spáinfidh mé dhuit an áit a bhfuil na beithigh"Ar maidin lár na mháireach d'éirigh an fear agus dhúisigh sé Seán. thug siad leo na beithighigh go dtí an talamh a mbeadh(continues on next page)