Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 094

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 094

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 094
  3. XML “Rí na hÉireann”
  4. XML “Pisreogaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go bhfaca sé na mílte daoine ag déanamh air. Bhí beagán faitchís air ar dtús.
    "Ó", adeir siad, "Níl ag teach indiu acht duine".
    Thosuigh sé ag marbhughadh agus sul má chuaidh an ghrian faoi bhí a 'chuile dhuine marbhuighthe aige.
    "Meas tú bith", adeir sé, cé'n chaoi a bhfuil siad ag éirighe arís: Ní ghabhfaidh mé abhaile anocht chor ar bith. Fanfaidh mé go bhfeicfidh mé cé'n chaoi a bhfuil siad ag éirighe".
    Ní raibh i bhfad ann go bhfaca sé cailleach ag teacht chuige agus bhain sé an cloigeann dí. Bhí cailleachai ag teacht go raibh sé cinn aige agus iad marbhuighthe aige. Tháinic cailleach a raibh drioball uirthi agus chuir sí a drioball siar i mbéal Céadtach agus tharraing sí aníos a chroidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. 1. An chéad duine a d'éireochadh Lá Bealtaine gan aon teine a fhadú go bhfeicfeadh sé deatach i dteach duine eicínt eile an chéad uair.
    2. Nuair a bhíonn daoine ag dul ar aistir fairrge ólann siad blogam sáile le n a mbois, coisracann siad iad féin leis agus craithtear ar gach duine sa mbád é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.