School: Inistrághamhóir (roll number 15449)

Location:
Inis Treabhair, Co. Galway
Teachers:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inistrághamhóir
  2. XML Page 101
  3. XML “An Bhean Bhocht agus A Mac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus cailleadh a fear dá fágháil lé aon mhac amháin. Bhí sí an-bhocht don tsaoghal. Bhí amach in éanfacht léithí. Sé an obair a bhíadh ar an mac ó maidin go tuitim oidhche - Domhnach agus Dálach, ag dul thart ó pháirc go páirc ag bailií olann a bhí taréis tuitim do druim na gcaorach. Thagadh sé abhaile ag dul faoi na gréine agus bailiúchan an laé aige dá mháthair,
    Sé an obair a bhíadh ar a mháthair, ag cárdail agus ag sníomh agus ag figheachán na holna sin go bréidín. Nuar abhí mála mór bailighthe ag an mac, rinne a mháthair píosa bréidín as an olann agus chuir sí an mac ag an aonach leis lé na dhíol. Nuair a bhúail sé lár an aonaigh, ní baileach go raibh comhnaidhe déanta aige núair siúd chuige fear ag ceannacht an bhréidín. Núair a chonnaic an fear an bréidín dúbhairt sé go raibh sé fliuch agus í a chuir dá triomú. Sgar sé an bréidín ar charnán cloch a bhí ar chiumhais páirce an aonaigh. Taréis tamaill spaisteóireachta siúd leis go bfeicfeadh sé araibh an bréidín tirim ach ní raibh bréidín tirim ná fliuch ná oireadh agus a dubh ná a dhath le feiceál i gconigar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Chonghaola
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Inis Treabhair, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Conghaoile
    Gender
    Male
    Age
    72
    Address
    Inis Treabhair, Co. Galway