School: Inistrághamhóir (roll number 15449)

Location:
Inis Treabhair, Co. Galway
Teachers:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 110

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 110

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inistrághamhóir
  2. XML Page 110
  3. XML “Rí a Bhí sa Domhan Thoir Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rígh sa domhan thoir fadó agus bhí aon inghean amháin aige. Bhí sé ráidhte go raibh mach duine bocht lé fághail le pósadh aici. Bhí sé na chómhnaidhe annseo i n-Éirinn.
    Bhí go maith chualadh an rígh é seo agus tháinig sé go h-Éirinn ar thuairsg an duine boicht sin. Tháinig sé isteach go dtí a mháthair agus go dtí a athair agus dúbhairt sé leó go gceannóchadh sé a mac uatha. Dúbhairt an mháthair nach ndiolfadh siad é cor ar bith agus dúbhairt sé leó go dtiúbhradh sé a mheáchan do airgead dóibh. Thugadar an páiste dhó ar an airgead agus thug sé leis é agus é lán t-sásta as. Rinne sé bosca annsin agus cuir sé an páiste síos ann. Annsin sgaoil sé amach ar bhárr na fairrge é acht ní mar ba thoil leis an rígh ba thoil lé Dia. Chuaidh an rígh ar ais i bhaile agus é an t-sásta. Bhí triúr muilneoirí ag obair aige agus iad ag obair go diann. Bhí duine aca i mbéal na h-abhann agus chonniac sé bosca ag teacht i dtír ann. Thóig sé an bosca agus bhain an clár de. Céard a bheadh ann acht páiste. Thug sé leis abhaile é agus thóig sé é go raibh sé na chómhantóir aige.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Chadhain
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Inis Treabhair, Co. Galway
    Informant
    Pádhraig Ó Cadhain
    Gender
    Male
    Age
    20
    Address
    Inis Treabhair, Co. Galway