School: Inistrághamhóir (roll number 15449)
- Location:
- Inis Treabhair, Co. Galway
- Teachers: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inistrághamhóir
- XML Page 175
- XML “Cuan an Fhir Mhóir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- i
D’eirigh muid ar maidin is shiubhail muid siar chuig an mbád
Sheólamar amach as an gcaladh lé maide ins gac láimh.
Ní raibh muid ach túairim is leath bealaigh nuair a bhreathnuigh Pádharuig indiaidh an bháid
Chonnaic sé an chosamlacht garbh is an fairrge geal chugainn ón gceann
ii
A Mhaidhcín eirigh do sheasamh is leag an seól tosuigh go beó
Nó beidh sé ina smúdar faoin gcarraig is na dreancaidí mara ag gol
Tháinig aingeal anúas as na Flathais, sheas sé ar bharr an chrainn
“A Phádhraig innis do pheacaidh, tá sé inám an cás a thabhairt suas”
iii
Ar fhan tú aon Domhnach ón Aifreann nó ar choinnigh tú an paidirín suás?
Nó ar chaith tú aon lá ag ól leanna le bean an tighe mhóir?
Níor fhan mise aon Domhnach ón Aifreann agus choinnigh mé an paidirín suás
Ní raibh mise aon lá ag ól leanna le bean an tighe móir
iv
Corr thamall isteach tighe Sean Saile
Corr tamall isteach tighe Phádraig Mhóir
Agus corr tamall isteach tighe Rúdháin in Gaillimh
Nuair a thagann muid ar an bpoll mór- Collector
- Nóra Ní Chadhain
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Inis Treabhair, Co. Galway
- Informant
- Pádhraig Ó Cadhain
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Inis Treabhair, Co. Galway